Bunaíodh Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí i mí Dheireadh Fómhair 2015. Cuireadh an mheitheal le chéile faoi scáth an Chomharchumainn, mar mheitheal oibre ionadaíoch ar phobal Mhúscraí trí chéile. Tá ionadaithe ar an meitheal oibre ó chúig shráidbhaile Mhúscraí. Tá sé mar aidhm ag an meitheal oibre seo an phleanáil teanga i gceantar Mhúscraí a riaradh agus a bhrú chun cinn go háitiúil. Tabharfaidh an mheitheal faoi phlean teanga iomchuí a chur i gcrích do limistéar pleanála teanga Mhúscraí i gcomhar agus i gcomhairle leis an bpobal áitiúil.

Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí was founded in October 2015. The group was established as a sub-committee of the Comharchumann, as a working group representative of the Múscraí community. The working group has representatives from the five villages of Múscraí. This working group aims to focus on administering and advancing the language planning process locally. The working group will work towards compiling an appropriate language plan for the Múscraí language planning area in conjunction and in consultation with the local community.

Baill / Members:

  • Donnchadh Ó hAodha – Cathaoirleach
  • Diarmuid Ó hÉalaithe
  • Breandán Ó Lionáird
  • Siobhán Ní Loingsigh
  • Domhnall Ó Loingsigh
  • Emma Ní Chéilleachair
  • Seán Ó Cuill
  • Rosaí Ní Chárthaigh (Comhordaitheoir Pleanála Teanga)
  • Julia May Uí Chríodáin (Comharchumann Forbartha Mhúscraí)
  • Rachel Ní Riada (Údarás na Gaeltachta)

Comhordaitheoir Pleanála Teanga / Language Planning Coordinator – Rosaí Ní Chárthaigh

Thosnaigh Rosaí Ní Charthaigh ag obair mar Chomhordaitheoir Pleanála Teanga le Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí i mí Mheán Fómhair 2016. Tá neart ama caite agus á chaitheamh ag Rosaí ag dul i muinín an phobail áitiúil chun a dtuairimí siúd i leith na Gaeilge agus todhchaí na teanga a bhailiú. Tá ceardlanna eagraithe agus reáchtálta ag Rosaí le codanna éagsúla den phobal (m.sh. coistí/grúpaí pobail, daltaí bunscoile, daltaí meánscoile s.rl.) agus tá ceistneoirí éagsúla curtha i gcrích le dreamanna éagsúla chomh maith (m.sh. coistí/grúpaí pobail, daltaí bunscoile, daltaí meánscoile, tuismitheoirí/caomhnóirí s.rl.). Cabhróidh an obair atá déanta agus á déanamh ag Rosaí a chinntiú go dtagann na smaointe/moltaí a gcuimsítear i Plean Teanga Mhúscraí ón bpobal áitiúil agus go bhfuil úinéireacht ag an bpobal féin ar an bplean teanga áitiúil.

Rosaí Ní Charthaigh began working as a Language Planning Coordinator with Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí in September 2016. Rosaí has spent and is spending considerable time consulting with the local community to gather their opinions and ideas in relation to the Irish language and the future of the language. Rosaí has organised and held workshops with various groups within the community (e.g. committees/ community groups, primary school students, secondary school students etc.) and she has also undertaken a number of questionnaires with various groups (e.g. committees/ community groups, primary school students, secondary school students, parents/guardians etc.). The work undertaken and being undertaken by Rosaí will  help to ensure that the ideas/suggestions contained in the Múscraí Language Plan will have come from the local community and that the community itself has ownership of the local language plan.

Comhairleoir Seachtrach / External Advisor – Tadhg Ó hIfearnáin

Tá an Dr. Tadhg Ó hIfearnáin ina léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh. Tá sean-taithí ag Tadhg a bheith ag plé leis an bpleanáil teanga agus le cúrsaí sochtheangeolaíochta na Gaeilge agus na bpobal Gaeltachta. Tá aithne mhaith aige ar cheantar Mhúscraí chomh maith, le roinnt staidéir déanta aige i gcaitheamh na mblianta ar staid na Gaeilge i Múscraí.

Tá neart tacaíochta agus comhairle tugtha ag Tadhg le réimsí éagsúla de Phlean Teanga Mhúscraí, go háirithe leis na ceistneoirí éagsúla atá curtha i gcrích. Tá áthas ar Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí go bhfuil Tadhg agus a fhoireann in Ollscoil Luimnigh i mbun oibre ar na ceistneoirí atá déanta go háitiúil mar chuid de phróiseas na pleanála teanga a scagadh agus a chíoradh.

Dr Tadhg Ó hIfearnáin is a senior lecturer in Irish in the University of Limerick. Tadhg has vast experience with regards language planning and the sociolinguistics of the Irish language and Gaeltacht communities. Tadhg is also very familiar with the Múscraí area, having undertaken some studies over the years in relation to the Irish language in Múscraí.

Tadhg has provided much support and advice with regards various aspects of the Múscraí Language Plan, especially in relation to the various questionnaires completed. Meitheal Pleanála Teanga Mhúscraí is delighted that Tadhg and his team in the University of Limerick are working on examining and exploring the questionnaires completed locally as part of the language planning process.