Mar chuid de Ghaeltacht Chorcaí cuimsítear ceantar Mhúscraí agus Oileán Chléire. Tá Cléire lonnaithe 8 míle ó chósta Iarthar Chorcaí, amach ó Dhún na Séad agus tá Múscraí suite siar ó chathair Chorcaí. Clúdaíonn ceantar Mhuscraí sráidbhailte Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre, Béal Átha’n Ghaorthaidh, Cill na Martra, Cúil Aodha agus Ré na nDoirí, ag cuimsiú achar 262km2, achar ar ionann é agus 6% de cheantair Ghaeltachta na tíre trí chéile.

Tá sráidbhaile Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre ar an lonnaíocht is mó sa cheantar, le príomhbhóthar náisiúnta an N22 (an príomhbhóthar ó Chorcaigh go Cill Airne) ag gabháil tríd an tsráidbhaile. Tá Béal Átha’n Ghaorthaidh ó dheas, ar an dara lonnaíocht is mó sa cheantar.

Bunaithe ar na sonraí ó Dhaonáireamh 2011, tá daonra 3,895 duine ina gcónaí i nGaeltacht Mhúscraí, is ionann sin agus nach mór 5% de dhaonra na nGaeltachtaí trí chéile.

Infreastruchtúr:

Tá infreastruchtúr láidir go maith i nGaeltacht Mhúscraí. Mar a luadh thuas gabhann príomhbhóthar náisiúnta an N22 trí shráidbhaile Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre ag tabhairt rochtain éasca ar chathair Chorcaí, áit ina bhfuil aerfort idirnáisiúnta agus seirbhísí farantóireachta ag freastal ar an Ríocht Aontaithe agus ar Mhór-roinn na hEorpa. Lena chois sin soláthraíonn an N22 rochtain ar Chill Airne agus ar Chontae Chiarraí trí chéile, le hAerfort Réigiúnach Chiarraí ar an bhFearann Fuar i ngiorracht uair a’ chloig tiomána ó Ghaeltacht Mhúscraí.

Údarás na Gaeltachta:

Tá fo-oifig de chuid Údarás na Gaeltachta lonnaithe i mBaile Mhic Íre le fada an lá, ag soláthar neart tacaíochta agus cúnaimh do chomhlachtaí an cheantair ach go háirithe. Tá eastáit tionsclaíochta agus páirceanna gnó ag an Údarás i mBaile Mhúirne/Baile Mhic Íre agus i mBéal Átha’n Ghaorthaidh, mar aon le neart chliant-chomhlachtaí, a chuireann go mór le forbairt na fiontraíochta agus na fostaíochta sa cheantar.

Ag deireadh na bliana 2013, bhí 577 duine fostaithe go lánaimseartha i gcliant-tionscadail nó i gcliant-chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chorcaí. Faoi dheireadh na bliana 2014 mhéadaigh an figiúr sin go 586 duine fostaithe go lánaimseartha agus ag deireadh na bliana 2015 tuairiscíodh go raibh 614 duine fostaithe go lánaimseartha.

****************************

The Gaeltacht (Irish speaking area) comprises of Múscraí and Cape Clear (Oileán Chléire). Cape Clear lies 8 miles off the coast of West Cork, southwest of Baltimore, and Múscraí is situated west of Cork city. The Múscraí area includes the villages of Ballyvourney/Ballymakeera (Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre), Ballingeary (Béal Átha’n Ghaorthaidh), Kilnamartyra (Cill na Martra), Coolea (Cúil Aodha) and Renanirree (Ré na nDoirí), covering an area of 262km2, an area which equates to 6% of the country’s Gaeltacht areas.

Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre is the largest settlement in the area and the national primary route N22 (the main road from Cork to Killarney) passes through the village. The southerly village of Béal Átha’n Ghaorthaidh is the second largest settlement in the area.

Based on the results of the 2011 Census, the Múscraí Gaeltacht area has a population of approximately 3,895 inhabitants, which equates to approximately 5% of the Gaeltacht population nationally.

Infrastructure:

The Múscraí Gaeltacht area has a relatively strong infrastructure. As mentioned above the N22 primary national route goes through the village of Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre providing easy access to Cork city, where the international airport and ferry services serve the United Kingdom and Mainland Europe. In addition, the N22 provides access to Killarney and County Kerry, with Kerry Regional Airport in Farranfore under an hour’s drive from the Múscraí Gaeltacht.

Údarás na Gaeltachta:

Údarás na Gaeltachta has long since had a sub-office in Baile Mhic Íre, providing much support and assistance to the area’s companies and businesses in particular. Údarás has industrial estates and business parks in Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre and in Béal Átha’n Ghaorthaidh, in addition to may client companies, which contribute greatly to the development of enterprise and employment in the area.

At the end of 2013, there were 577 people employed full time by Údarás na Gaeltachta client companies in the Cork Gaeltacht. By the end of 2014 that figure had increased to  586 people employed full time and at the end of 2015 it was reported that 614 people were employed full time.