Liadh Ní Riada ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Mhúscraí

  • Post category:Nuacht

(English version below)

Liadh Ní Riada appointed Language Planning Officer for the Múscraí Gaeltacht, Co. Cork

Tá áthas ar Chomharchumann Forbartha Mhúscraí a fhógairt go bhfuil Liadh Ní Riada ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Mhúscraí.

Is ó Chúil Aodha ó dhúchas í Liadh Ní Riada agus beidh sí ag cur i bhfeidhm an phlean teanga do Limistéir Pleanála Teanga Mhúscraí, i gcomhar le heagrais agus pobal an cheantair sna blianta seo romhainn.

Iar Fheisire Eorpach í Liadh a bhí thar a bheith gníomhach ar son na Gaeilge agus í ag stocaireacht chun deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san Eoraip.  Chaith sí cúig bliana mar Fheisire i bParlaimint na hEorpa agus i measc a freagrachtaí bhí comhordú ar Choiste Buiséad na hEorpa, ball den Choiste Iascaireachta, ball den Choiste Oideachais agus Cultúir agus toscaire idirghrúpa Mion teangacha Réigiúnach. Roimhe sin bhí sí ina hOifigeach Náisiúnta Gaeilge. Tá suas le 30 scannán agus cláir teilifíse déanta aici óna tréimhse mar léiritheoir neamhspleách. 

Deir Liadh Ní Riada gur “deis iontach atá sa ról nua seo dom chun tacú lenár dteanga dúchasach a fhorbairt agus a shlánú i mo dhúthaigh féin.   Mar Fheisire Eorpach bhí mé gníomhach ar son na Gaeilge i rith an ama.  Maraon le dul ar stailc teanga d’aimsigh mé €3.2 milliún chun tacú le hateangaireacht agus le cúrsaí aistriúcháin.”

‘Táim ag súil go mór leis an gcaibidil nua seo i mo shaol.  Tá sár obair déanta ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí agus ag an Mheitheal Pleanála Teanga i dtaobh  an phlean teanga go dtí seo agus is deis iontach atá ann domsa ionadaíocht a dhéanamh thar cheann na Ceanneagraíochta ar choistí, ar ghrúpaí oibre agus thar cheann an phobail ar fad ar mhaithe le Plean Teanga Mhúscraí a chur chun cinn”.

Tá 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus Oifigeach Pleanála Teanga Cúnta ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta faoin phróiseas pleanála teanga agus iad go léir dírithe ar an nGaeilge a chothú, a láidriú agus chur chun cinn ar fud na gceantair Ghaeltachta.  Roghnaíodh Comharchumann Forbartha Mhúscraí mar Cheanneagraíocht na pleanála teanga do Limistéar Pleanála Teanga Mhúscraí agus tá maoiniú de €100,000 go bliantúil, ar feadh seacht mbliana, ceadaithe chun tacú le feidhmiú an Phlean.   

Deir Liadh Ní Riada, “Táim ag tnúth go mór le teagmháil a dhéanamh leis na hOifigigh Pleanála Teanga i gceantracha eile ar fuaid na tíre chun caidreamh agus ceangail láidir a chruthú idir na Gaeltachtaí ar fad.  Is léir go bhfuil go leor dúshláin ann ach is áit fíor speisialta í Gaeltacht Mhúscraí le saibhreas agus stór traidisiún agus táim dóchasach go bhfuil céimeanna leagtha síos anois chun an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur chun cinn.’

Deir Seán Ó Cuill, Cathaoirleach an Chomharchumainn, “Cuirimid fáilte mhór chroíúil roimh Liadh agus táimid ag tnúth go mór le bheith ag obair léi agus ag tacú léi ag tabhairt faoin dúshlán pleanála teanga anseo i nGaeltacht Mhúscraí. 

Tá Plean Teanga cuimsitheach curtha le chéile agus tá fhios againn go mbeidh muintir na háite sásta leanacht leis an obair mhór pobail agus teanga atá ar siúl sa dúiche seo.  Beidh dúshláin romhainn ach tá deiseanna romhainn chomh maith agus caithfimid na deiseanna a thapú agus tabhairt faoi an obair go léir ar bhealach éagsúil nuálaíoch.”

CRÍOCH: 

Teagmháil: 

Comharchumann Forbartha Mhúscraí,

Caroline Ní Nuallain (Bainisteoir) Teil:  083 191 5432

Seán Ó Cuill  (Cathaoirleach)  Teil:  086 3628621

Facebook: www.facebook.com/ccfmteo/

Nótaí Eolais

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Eagras forbartha pobail é Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo a bunaíodh i 2008 agus  a fheidhmíonn chun leasa an phobail áitiúil i nGaeltacht Mhúscraí.  

Tá na sráid bhailte Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre, Cill na Martra, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Béal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. 

Tá an Comharchumann ann chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt pé slí is féidir do na grúpaí pobail agus coistí deonacha atá gníomhach sa cheantar áitiúil.  Tugtar cúnamh agus tacaíocht i dtaoibh na Gaeilge ach go háirithe, ach chomh maith leis sin tá tionscadail agus tograí áirithe ar siúl againn ina measc;    gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh a bhainistiú, Forbairt na Fiontraíochta  agus na Fostaíochta;  Soláthar Seirbhísí Sóisialta, An Ghaeilge agus an Phleanáil Teanga,  Fuinneamh Inathnuaite agus Forbairt na Turasóireachta Chultúrtha agus Pobail.

An Próiseas Pleanála Teanga

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá Údarás na Gaeltachta freagrach go sonrach as cur i bhfeidhm an Phróisis Phleanála Teanga sa Ghaeltacht, rud atá ag croílár chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Sa straitéis sin leagtar béim ar phleanáil chomhtháite teanga ag leibhéal an phobail, agus tá sprioc leagtha síos ann go méadófar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht faoi 25%. Tacaíonn an tAcht le ról an Údaráis mar phríomh-gheallsealbhóir i bhforbairt réigiúnach na Gaeltachta agus tugann sé bunús reachtúil don Údarás ó thaobh an phróisis pleanála teanga de. Mar chuid den phróiseas seo tá an Ghaeltacht roinnte in 26 Limistéar Pleanála Teanga. Tá an tÚdarás freagrach as eagraíochtaí a roghnú chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Liadh Ní Riada appointed Language Planning Officer for the Múscraí Gaeltacht

Comharchumann Forbartha Mhúscraí are pleased to announce that Liadh Ní Riada has been appointed as the Language Planning Officer for the Múscraí Gaeltacht. 

Liadh Ní Riada, a native of Cúil Aodha, in undertaking this role will oversee the implementation of the Language Plan for the Múscraí Gaeltacht in conjunction with organisations and the whole of the Múscraí Gaeltacht community in the years ahead.

Liadh, as a former Member of the European Parliament (MEP), used her role to advocate for the Irish language during her five year tenure in Europe. She was also the coordinator of the European Budget Committee, as well as a member of the Fisheries Committee, the Education and Cultural Committee and a delegate of the Regional Minority Languages group.  Prior to being elected as an MEP she worked as an Irish Language Officer at national level.  She also worked as an independent film producer and has produced over 30 programme and films for broadcast.

Speaking on her new role Liadh Ní Riada stated, “It is a great opportunity to get involved in a cause dear to my heart – speaking and promoting Irish – in my own area.  As an MEP I was very active promoting the language. Not only did I go on a language strike (refusing to speak English and only speaking Irish) but I also succeeded in securing €3.2 million for interpretation and translation services.

I am looking forward to this new chapter in my life.  Comharchumann Forbartha Mhúscraí and the Language Planning ‘Meitheal’, with the support of the people in the area,  have produced an excellent  plan and it is a great opportunity for me to take on the role of representing these views on behalf of my community in every way I can to make this plan work.”

There are 18 Language Planning Officers and Assistant Language Planning Officers working in Gaeltacht areas nationwide implementing language plans in their local areas.   Comharchumann Forbartha Mhúscraí was appointed as a Lead Organisation in 2017 and Plean Teanga Mhúscraí (the Múscraí Gaeltacht Language Plan) was approved in 2018.  There is an annual budget of €100,000, for a period of seven years, approved to support the implementation of Plean Teanga Mhúscraí.

Liadh Ní Riada continues, “I am looking forward to making contact with the Language Planning Officers in other areas as well, to build and strengthen our links for the good of the language in all the Gaeltacht areas.  I am aware that there are challenges but Gaeltacht Mhúscraí is a very special place,  with a rich and valuable heritage and tradition, and I am hopeful that the steps laid down in this plan will work towards achieving the aims of the 20 Year Strategy for the language.”

Seán Ó Cuill,  Chair of Comharchumann Forbartha Mhúscraí, said, “We are delighted that Liadh Ní Riada has taken on this role and we are very much looking forward to working with her and supporting her fully in this role in working to implement Plean Teanga Mhuscraí.  This is a comprehensive language plan and we know that the people living here are behind it and are willing to play their part in making it happen.  There will be challenges but there are also opportunities and we hope that we can all grasp these opportunities and work in exciting new ways for the good of the area.”

CRÍOCH

Further Information: 

Comharchumann Forbartha Mhúscraí 

Caroline Ní Nualláin  (Manager)  Phone:  083 191 5432

Seán Ó Cuill  (Chairperson)  Phone:  086 3628621

Facebook: www.facebook.com/ccfmteo/

Information Notes

Comharchumann Forbartha Mhúscraí

Comharchumann Forbartha Mhúscraí is a community development cooperative founded in 2008 for the benefit of the people living in the Múscraí Gaeltacht.  There are five villages in Gaeltacht Mhúscráí:  Baile Mhúirne/Baile Mhic Íre, Cill na Martra, Cúil Aodha, Réidh na nDoirí agus Béal Átha’n Ghaorthaidh. 

Comharchumann Forbartha Mhúscraí works to support the local community groups and activities in the area, promoting the greater use of Irish.  Current projects include:  Managing a digital hub: gteic@Béal Átha an Ghaothaidh,   running courses and workshops to support employment,  Supporting local social services, including work schemes, day centers,  festival committees, etc,  Providing management support to the Language Plean,  developing a Renewable Energy Master Plan and growing Cultural Tourism in the area.  

The Language Planning Process

Under the Gaeltacht Act 2012, Údarás na Gaeltachta is responsible for the implementation of the Language Planning Process in the Gaeltacht, which is ath the heart of the implementation of the 20 Year Strategy for the Irish Language 2010-2030. In that strategy emphasis is placed on integrated language planning at community level with a specified target of increasing the level of daily Irish speakers in the Gaeltacht by 25%. The Act supports the role of Údarás as a key stakeholder in the regional development of the Gaeltacht agus gives an tÚdarás a statutory footing in relation to the language planning process. As part of this process the Gaeltacht is subdivided into 26 Language Planning Areas. Údarás na Gaeltachta is responsible for selecting organisations to prepare and implement language plans in the Gaeltacht Language Planning Areas.