Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.

  • Post category:Eolas

Is é Comharchumann Forbartha Mhúscraí atá freagrach as an phlean teanga do Limistéar Pleanála Teanga Mhúscraí a chur i bhfeidhm. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012.

Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge san LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm. Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus d’fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga.

Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí agus freagrach don Cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú. Duine cumasach a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

• Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa.
• Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar.
• Tuiscint agus taithí mhaith ar chúrsaí pleanála teanga, ar fhorbairt pobail agus i bplé le coistí/struchtúir phobail.
• Taithí i mbainistiú agus i gcur i gcrích tionscadal.
• Scileanna maithe cumarsáide, áisitheoireachta, comhordaithe agus idirphearsanta.
• Taithí i mbainistiú foireann oibre
• Eolas agus taithí ar bhainistiú airgeadais

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí an Comharchumainn. Beidh 37.5 uair oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.

Tá scála tuarastail ó €35,000 go €50,000 ag gabháil leis an phost. Tá an plean teanga don LPT le fáil ar shuíomh gréasáin an Chomharchumann ag www.muscrai.org agus tá na sonraí poist a théann leis an phost le fáil ag www.measmedia.com