Fás de Ghnó le Údarás na Gaeltachta Grow your Business [English version below]

  • Post category:Nuacht

Fás do Ghnó le hÚdarás na Gaeltachta ag tosú 30.08.21

Cúrsa oiliúna 3 lá ar líne fógartha Tá cúrsa oiliúna maidir le do ghnó a fhás á reáchtáil ar líne ag Údarás na Gaeltachta. Tá an cúrsa seo dírithe ar ghnóthaí Gaeltachta agus beidh sé ar siúl thar 3 lá ag tosú an 30 Lúnasa. Déanfar plé ar an gcúrsa faoi réimsí áirithe de do ghnó agus an bealach is fearr le do ghnó a mhéadú. Cuideoidh an cúrsa oiliúna seo le gnóthaí i gceantair Ghaeltachta a gcuid táirgí a fhás agus a fhorbairt agus ag an am céanna ag aithint láidreachtaí agus laigí an chomhlachta. Beidh an oiliúint á chur ag fáil ag Evelyn Cormican, comhairleoir gnó aitheanta agus díreofar ar na cúinsí is fearr maidir le gnó a fhás, conas straitéis díolacháin a réiteach chomh maith le plean margaíochta. Tabharfar tuiscint níos fearr do rannpháiritithe ar bhuiséadú agus an bealach is fearr le toradh a fháil ar infheistíocht. Roinnfear eolas cuimsitheach freisin maidir leis na tacaíochtaí agus na hacmhainní breise atá ar fáil chun cabhrú le daoine a ngnóthaí a fhás agus a chur chun cinn sa nGaeltacht. Labhair Ruairí Ó Néill, Bainisteoir Oifig Réigiúnach an Iarthair Údarás na Gaeltachta faoin gcúrsa oiliúna:

“Tá muid an-sásta a leithéid seo de chúrsa a reáchtáil ar líne chun cabhrú le comhlachtaí beaga agus meánmhéide na Gaeltachta a ngnó a fhás. Deis iontach atá ann saineolas a fháil ó chomhairleoirí gnó aitheanta chun na táirgí agus na seirbhísí a chuireann na comhlachtaí Gaeltachta seo ar fáil a fhás agus a fhorbairt. Cuirfidh leathnú agus fás na gcomhlachtaí seo borradh faoi na pobail áitiúla.”

Tá líon na n-áiteanna ar an gcúrsa teoranta agus tá critéir cháilitheachta i bhfeidhm mar sin caithfear clárú don chúrsa 3 lá seo roimh an 4i.n. 23/08/2021. Seol d’ ainm, sonraí teagmhála, suíomh Gaeltachta agus do sheoladh ríomhphoist chuig: pnt@udaras.ie. Is cúrsa 3 lá atá i gceist (ón 2i.n. go 4.30i.n. an 30/08/2021, 01/09/2021 & 03/09/2021) agus iarrtar ar rannpháirtithe freastal ar gach aon lá chun an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa oiliúna. CRÍOCHTuilleadh Eolais:An Rannóg Cumarsáide, Údarás na Gaeltachtaeolas@udaras.ie

Grow your Business with Údarás na GaeltachtaOnline

3 day training course announced Údarás na Gaeltachta is organising an online course to grow your businesses. The course is targeted at Gaeltacht companies and will run for 3 days starting on August 30th. The course will cover many aspects of your business and the best way to increase growth. The training course will assist businesses in Gaeltacht areas to grow and develop their products while recognising where the businesses strengths and weakness lie. Renowned business consultant Evelyn Cormican will be the course instructor and will focus on how key aspects to best to grow your business, how to prepare a sales strategy along with a marketing plan. Participants will gain a better understanding of budgeting and how to yield the best results on investments. Comprehensive information in relation to additional supports and resources will be shared to assist people to grow and promote their businesses in the Gaeltacht. Ruairí Ó Néill, Western Regional Manger at Údarás na Gaeltachta spoke about the training course:

“We are delighted to be running such a course online to assist small and medium companies in the Gaeltacht in growing their businesses. This is a wonderful opportunity to avail of expert advice from renowned business consultants and will allow Gaeltacht companies to grow and develop their goods and services. The growth and development of these companies will in turn boost local communities.”

The number of places on the course is limited and eligibility criteria applies therefore you must register for the 3 day course by 4pm 23/08/2021. Send you name, contact details, Gaeltacht location and your email to pnt@udaras.ie. The training course will take place over 3 days (from 2pm to 4.30pm on 30/08/2021, 01/09/2021 & 03/09/2021) and participants are asked to attend on all days in order to benefit from this training course. END