Meitheal Orgánach Mhúscraí – Raising organic lamb

Tá scata feirmeoirí orgánacha i nGaeltacht Mhúscraí tar éis teacht le chéile le féachaint cén chaoi a bhféadfaidís uain orgánacha a thógáil sna sléibhte thart ar Mhúscraí. Tá sé soiléir go bhfuil grá mór acu don fheirmeoireacht – tá sé iontu, mar a déarfá. Tá an tuath chomh nádúrtha sin – cnoic, portaigh, gan locht ná truailliú orthu. Ach caithfidh an rud seo d’uaine orgánacha a bheith inmharthana – caithfidh sé obair don ghlúin seo, murach sin, caillfimid glúin eile feirmeoirí. Tá siad i mbun taighe!