An tOireachtas 2023

  • Post category:Nuacht

A leithéid de spórt agus spraoi a bhí againn ag ár seastán ag Oireachtas na Samhna. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a thug cabhair dúinn agus gach duine a tháinig ar cuairt chugainn. Níl anseo ach blaiseadh den rud. Bhí na daoine óga ón gceantar go hiontach ag glacadh páirt sna comórtáisí. Thug Gearóid Ó Céilleachair (Míl Bhunsíleann) agus Con Ó Loingsigh (údar, Naomh Gobnait) cúnamh ar leith dúinn ag an seastán. Thug Folláin tairgí fíor blasta dúinn agus bhí leabhair ó Litriocht againn agus gan amhrás búnóga blasta@Grá Mhúscraí. Rinne Edels Bakes an jab leo. Bhí comórtas iontach agus glic ag Eibhlín Ní Lionáird, OPT Stór Mhúscraí Múscraí chomh maith agus bhí leaids óga agus aosta sásta dul sa seans leis…agus búnóg gleoite mar duais! Agus ar ndóigh bhí Iarlaith Ó Tuama, Oifigeach Turasóireachta, ag insint faoi gach rud atá le tairiscint againn do chuairteoirí agus bhí sé níos éasca é a dhéanamh ar ár learscáil dhigiteach nua. Go mbeirmid beo ar an am seo arís.