Súil siar: Féile na Cincíse

Féile na Cincíse – Traidisiún Athmhúscailte, Todhchaí á Cruthú 

le Eibhlínn Ó Lionaird, Plean Teanga Mhúscraí

I ndiaidh blianta fada ina raibh Féile na Cincíse ina cuimhne seachas ina ceiliúradh beo, tháinig an traidisiún chun solais arís i mBaile Mhúirne i mBealtaine 2025. Ní athbheochan amháin a bhí ann, ach tús úr – deis chun féachaint siar ar an oidhreacht shaibhir atá fágtha againn agus chun samhlú le chéile cén chuma ba cheart a bheith ar Fhéile na Cincíse don chéad ghlúin eile. 

Le linn an deireadh seachtaine, ón 23ú go dtí an 25ú Bealtaine, líonadh an ceantar le fuinneamh, le gáire agus le comhluadar. Thug daoine óga agus aosta aghaidh ar na himeachtaí éagsúla – ó Speed Gaeilge agus siúlóidí maidine go Rith le Spraoi, Scoiríocht na Cincíse,BBQ pobail, Margadh na Cincíse agus siamsaíocht den chéad scoth. Ba léir ón atmaisféar gur mhúscail an fhéile rud éigin speisialta sa phobal agus gur chruthaigh sí spás ina raibh an teanga, an cultúr agus an pobal fite fuaite le chéile arís. 

Ba chéim thábhachtach í seo, ach níl anseo ach an tús. Tá deis anois againn féile a chruthú a bheidh dílis dá fréamhacha agus ag an am céanna oscailte do smaointe nua, do chruthaitheacht agus do rannpháirtíocht an phobail. Ní le grúpa beag daoine amháin a bhaineann todhchaí na Cincíse; is leis an bpobal ar fad í. 

Leis sin san áireamh, tá sé beartaithe cruinniú oscailte pobail agus seisiún smaointeoireachta a reáchtáil san fhómhar. Tabharfaidh sé sin deis do dhaoine a bhfís féin don fhéile a roinnt agus páirt ghníomhach a ghlacadh i múnlú na chéad chaibidle eile. Tá fáilte roimh gach smaoineamh – idir smaointe móra agus bheaga – mar creidimid gurb as an gcomhoibriú agus as samhlaíocht an phobail a thiocfaidh neart agus rath na féile amach anseo. 

Agus muid ag breathnú chun cinn i dtreo 2027, tá sé mar aidhm againn tógáil ar an méid a baineadh amach i mbliana agus Féile na Cincíse a fhorbairt mar imeacht uathúil a thabharfaidh daoine le chéile, a neartóidh an Ghaeilge agus a dhéanfaidh ceiliúradh ar spiorad beo Mhúscraí.

Tá an chéad chéim tógtha againn; anois tá sé in am an turas a leanúint le chéile.