Folúntas do Riarthóir Oifige

  • Post category:Nuacht

Oibríonn Comharchumann Forbartha Mhúscraí i gcomhar le pobal na háite chun Gaeltacht Mhúscraí a chur chun cinn.  Táimid freagrach as feidhmiú Phlean Teanga Mhúscraí, agus cláracha eile, ina measc,  Gteic Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Turasóireacht Chultúrtha, Múscraí Glas,  agus tá an obair seo á dhéanamh i gcomhpháirtíocht le Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Chorcaí agus páirtithe leasmhara eile.

Tá muid ag lorg Riarthóir Oifige páirtaimseartha, ag tacú leis an bPlean Teanga, go háirithe.

Príomhdhualgais an phoist:

  • Obair riaracháin na hoifige a fhorbairt agus a bhainistiú
  • Córas comhadaithe a fheidhmiú agus a bhainistiú
  • Plé le fiosruithe ón bpobal
  • Soláthairtí oifige a ordú agus stoc na stáiseanóireachta a choinneáil suas chun dáta
  • Riaradh a dhéanamh ar scéimeanna an Phlean Teanga
  • Tacaíocht a thabhairt d’fhoireann an Chomharchumainn le tograí éagsúla
  • Aon dualgas eile a bhaineann leis an bpost a dhéanamh

Riachtanais an Phoist:

  • Taithí chuí ar obair riaracháin oifige, tuairisciú agus cuntais
  • Scileanna láidre eagrúcháin
  • Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha mar aon le tiomantas don teanga
  • Ardscileanna cumarsáide agus ardscileanna idirphearsanta
  • Saineolas ar phacáistí Microsoft Office, go háirithe Word, Excel agus Outlook Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh taithí ar na meáin sóisialta)
  • An cumas dul i mbun oibre mar chuid d’fhoireann agus ar a stuaim féin de réir mar is gá

Suíomh Oibre: Beidh an Riarthóir Oifige lonnaithe in Gteic Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Maighchromtha, Co Chorcaí. Seol d’iarratas mar aon le CV i nGaeilge roimh 5.00 i.n., 1ú Feabhra 2024  chuig an Comharchumann  ag eolas@muscrai.org    Beidh na hagallaimh ar siúl an tseachtain dár tús 5ú Feabhra 2024.  Tá tuilleadh eolais faoi Comharchumann Forbartha Mhúscraí le fáil ag  www.muscrai.org 

Tuarastal: 29,250 sa bhliain (pro ráta).

**************************

Faigheann Comharchumann Forbartha Mhúscraí maoiniú ón Údarás na Gaeltachta,  Comhairle Contae Chorcaí,  Bord Oiliúna agus Oideachais, Grousemount,  Airtricity,  Community Foundation.