Meitheal Orgánach Mhúscraí – Raising organic lamb

Tá scata feirmeoirí orgánacha i nGaeltacht Mhúscraí tar éis teacht le chéile le féachaint cén chaoi a bhféadfaidís uain orgánacha a thógáil sna sléibhte thart ar Mhúscraí. Tá sé soiléir go bhfuil grá mór acu don fheirmeoireacht – tá sé iontu, mar a déarfá. Tá an tuath chomh nádúrtha – gan locht ná truailliú. Ach caithfidh an saol seo a bheith inmharthana – caithfidh sé obair don ghlúin seo, murach sin, caillfimid an chéad ghlúin eile feirmeoirí. Tá siad i mbun taighde!